Táibléad Cuartaíochta Bhahá’u’lláh agus An Bholscaire (#13837)

Táibléad Cuartaíochta Bhahá’u’lláh agus An Bholscaire
*Déantar an Táibléad seo a léamh ag Scrínte Bhahá’u’lláh agus an Bholscaire. Is minic a bhaintear feidhm as freisin chun a bhféilte a chomóradh.

A Dhia atá ina Thaispeánadh ar an Maorgacht agus ina Rí ar an tSíoraíocht, agus ina Thiarna orthu siúd atá ar neamh agus ar talamh, gurab ortsa a bheidh an moladh a tháinig mar ghealadh lae ó do Phearsa mhórga féin agus an ghlóir a shoilsigh ó d’áilleacht róniamhrach féin! Tugaim fianaise gur tríotsa a nochtadh flaitheas Dé agus a thiarnas, agus maorgacht Dé agus a mhórgacht, agus a chaith Réalta Maidine na Niamhrachta Cianaosta a lonracht ar neamh d’fhorógra atá gan aisghairm, agus a shoilsigh áilleacht an DoFheicthe os cionn bun spéire na cruthaitheachta. Tugaim fianaise, lena chois sin, agus le gan ach do pheann a ghluaiseacht, gur cuireadh i bhfeidhm d’fholáireamh ‘Bí-se!’, agus gur scaoileadh rún folaithe Dé agus gur iarradh ar gach créatúr teacht ina mbeatha, agus gur cuireadh anuas an uile Thaispéanadh.
Tugaim fianaise, lena chois sin, gur trí d’áilleacht, a baineadh an fial d’áilleacht an Neach Adhartha, agus gur trí d’aghaidhse a thug aghaidh an Té ar mian gach croí é a dhealramh uaidh, agus gur trí fhocal uaitse atá breith déanta idir na créatúir ar fad sa dóigh gur tugadh ar an dream atá dílis duit ardú chun mullach na glóire, agus ar na hainchreidmhigh titim chun na haibhéise is doimhne.
An duine a chuir aithne ortsa, tugaim d’fhianaise go bhfuil aithne curtha aige siúd ar Dhia, agus an duine a bhain amach do láthairse tá láthair Dé bainte amach aige. Is mór, mar sin, an bheannacht a cuireadh air siúd a chreid ionatsa agus i do chuid iontas agus a d’umhlaigh os comhair do fhlaithis, agus ar cuireadh d’onóir air casadh leatsa agus a bhain amach sástacht do thola agus a ghluais timpeall ort agus a sheas os coinne do ríchathaoireach.
Is mairg don té a chiontaíonn i d’aghaidh, agus a dhiúltaigh duit agus a chuir suas do do chomharthaí agus a shéan d’fhochair agus a d’éirigh amach i d’aghaidh agus a thug le fios mórtas i do láthair agus a thóg conspóid faoi d’fhianaise agus a theich ó do riail agus ó do thiarnas agus a áiríodh ar na hainchreidmhigh a bhfuil a gcuid ainmneacha scríofa le méara d’ordaithe ar do Tháibléid Naofa.
Cuir á séideadh chugam, a Dhia m’ansachta, ó dheaslámh do thrócaire agus do chineáltais ghrámhair análacha naofa do chuid fabhar le go dtarraingeoidh siad ar shiúl mé uaim féin agus ón saol go dtí cúirteanna do chóngair agus do láithreach. Tá ar do chumas cibé ní is toil leat a dhéanamh. Is agat, go deimhin, a bhí ceannas riamh ar an uile ní.
Gurab ort a bheidh cuimhneamh Dé agus a mholadh, glóir Dé agus a Niamhracht, a Neach ar tú a Áilleacht! Tugaim fianaise nár fhéach súil an chine dhaonna ar éinneach a ndearnadh éagóir air mar tú. Bhí tú do do bhá le linn laetha do shaoil uilig in aigéan dóláis. In am amháin bhí tú faoi ualach slabhraí agus geimhle, agus in am eile faoi bhagairt chlaíomh do náimhde. Ach, ina ainneoin sin is uile, chuir tú d’fhiacha ar chách cloí lenar aithin Dia an tUileFheasach, an tUile-Chríonna díot.
Go raibh mo spiorad ina íobairt thar ceann ar fhulaing tú d’éagóir, agus m’anam ina éiric thar ceann ar éirigh duit d’anró. Achainím ar Dhia dar d’ainmse agus dar ainmneacha na ndaoine a bhfuil a naghaidheanna soilsithe le niamhracht sholas do ghnúise, iad siúd a ghéill dár aithníodh díobh, na fiala a tháinig idir tú agus do chuid créatúr a chur ar ceal agus maith an tsaoil seo agus an tsaoil atá le teacht a chur ar fáil dom. Is tú, go fírinneach an tUile-Chumhachtach, an Ró-Ardaithe, an tUile-Ghlórmhar, an Síor-Mhaiteach, an Ró-Thruach.
 
Beannaighse, a Thiarna agus a Dhia liom, an Crann Loiteoige Diaga, maille lena dhuilliúr agus a ghéaga, a chuid craobhacha, a chuid gasanna agus a bhuinneáin ar feadh an ama a sheasfaidh do theidil ródhearscnaí agus a mhairfidh do cháilíochtaí urramacha féin. Déan é a chosaint, mar sin, ar dhrochrún lucht a ionsaithe agus ar shluaite an ansmachta. Is tú, go fírinneach, an tUile-
Chumhachtach, an Ró-Neartmhar. Beannaighse freisin, a Thiarna agus a Dhia liom, do chuid seirbhíseach agus do bhansearbhóntaí a tháinig chun do láithreach. Is tú, go dearfa, an tUile-Fhial, nach bhfuil deireadh le do ghrásta. Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an Síor-Mhaiteach, an Ró-Fhlaithiúil.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

